Beidh an Oiliúint Sonraí Oscailte ag atosú i mí Mheán Fómhair

July 13, 2022

Tá sé chúrsa oiliúna nua ar shonraí oscailte agus ar bhainistíocht ghinearálta sonraí ar fáil anois d'fhostaithe de chuid na hearnála poiblí.  Seo a leanas iad;

  • Intreoir Ghinearálta ar na Sonraí Oscailte
  • Réamheolas ar an Treoir maidir le Sonraí Oscailte
  • Iniúchtaí Sonraí Oscailte & Foilsiú Sonraí
  • Réamheolas ar an Anailísíocht & Léirshamhlú Sonraí
  • Teicnící Anaithnidithe Sonraí
  • Réamheolas ar Shonraí Nasctha

 

Tá Urban Tide, i gcomhpháirt le hOllscoil Náisiúnta na hÉireann, Gaillimh, tar éis na cúrsaí seo a athfhorbairt go sonrach d’fhoireann na hearnála poiblí in Éirinn.

Tá na cúrsaí á reáchtáil ar líne ach tá súil againn, áfach, go mbeidh oiliúint duine le duine ann arís sna míonna beaga atá amach romhainn. Is féidir teacht ar NASF do d’eagraíocht agus é a chur isteach anseo agus cúrsaí ar leith a chur in áirithe trí Eventbrite.

Ag brath ar leibhéil ráchairte, beidh cúrsaí eile ann ar an mbliain seo chugainn, féach thíos na sonraí ar na cúrsaí. 

Dá mb’fhearr leat oiliúint shaincheaptha laistigh de d’eagraíocht, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le Urban Tide le do chuid riachtanas a phlé.

 

Ar líne Ireland OD Initiative - Audits & Data Publication

26-27 Deireadh Fomhair 2022, 10:00 AM

 

Ar líne Ireland OD Initiative - General Intro to Open Data

8 Samhain 2022, 10:00 AM

 

Ar líne Ireland OD Initiative - Open Data Directive

10 Samhain 2022, 10:00 AM

 

Ar líne Ireland OD Initiative -Data Analytics & Visualisation

16-17 Samhain 2022, 10:00 AM

 

Ar líne Ireland OD Initiative - Audits & Data Publication

23-24 Samhain 2022, 10:00 AM

 

Ar líne Ireland OD Initiative - Data Anonymisation Techniques

29 Samhain 2022, 10:00 AM

 

Ar líne Ireland OD Initiative - Introduction to Linked Data

1 Nollaig 2022, 10:00 AM

 

Ar líne Ireland OD Initiative -Data Analytics & Visualisation

7-8 Nollaig 2022, 10:00 AM